Scoil páirteach sa scéim ‘Gaelbhratach’

20160922_123537

Tá Coláiste Mhuire ag glacadh páirte sa scéim nuálach ‘Gaelbhratach’ arís i mbliana, atá á reachtáil ag Gael Linn agus Conradh na Gaeilge. Tá sé mar aidhm aici an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn sa scoil agus níos faide anonn. Tá coiste don Ghaelbhratach curtha ar bun sa scoil agus d’fhreastail triúr ón choiste ar lá traenála i mBaile Átha Cliath le deanaí.

Beidh an coiste ag cur na Gaeilge chun cinn agus ag eagrú imeachtaí Gaeilge sa scoil le linn na bliana. I ndiaidh don scoil an Ghaelbhratach a bhaint amach anuraidh, tá an coiste ag díriú i dtreo an chéad chéim eile a bhaint amach i mbliana.

St. Mary’s College is taking part in the innovative scheme ‘Gaelbhratach’ again this year, organised by Gael Linn and Conradh na Gaeilge. Its aim is to encourage the use of and promote the Irish language in the school and further afield. A Gaelbhratach committee has been established in the school and three members of the committee attended a training day in Dublin recently.

The committee will aim to promote the Irish language and organise Irish language events during the year. After achieving Gaelbhratach status last year, the committee is aiming towards achieving the next step this year.