Gaelbhratach Status for St. Mary’s College

Bronnadh stádas an Ghaelbhrataigh ar Choláiste Mhuire don ceathrú bliain i ndiaidh a chéile mar aitheantas ar an sárobair atá déanta acu an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid sa scoil. Bronnadh an t-aitheantas speisialta orthu ag searmanas sa Phailliún ag Ráschúrsa Bhaile na Lobhar le déanaí. Chuir Ciara Ní E agus Eoghan Ó Loideáin an t-imeacht i láthair. Chuir an grúpa ceoil “Scannal” ceolchoirm ar fáil do na daltaí.

St. Mary’s College has been awarded the esteemed “Gaelbhratach” status for the fourth year in a row in recognition of its excellence in the promotion of and the use of the Irish language in the school community. It was awarded the special status at a ceremony at the Pavilion, Leopardstown Racecourse recently. Ciara Ní E and Eoghan Ó Loideáin hosted the event. The band “Scannal” provided a concert for the participants.

Tá sé mar aidhm ag scéim “An Ghaelbhratach” úsáid agus feasacht na Gaeilge a chur chun cinn. Bhí bliain ghnóthach ag coiste na Gaeilge sa scoil, a bhfuil ionadaithe air ó na bliainghrúpaí éagsúla, ag cuidiú le tréan mór imeachtaí a reáchtáil ina measc, Gaeilge 24, An Céilí Mór, Biongó Loco, Abair, Díospóireachtaí Gael Linn, Gaelfhíseán, An Fhéile Scoildrámaíochta, Scoláireachtaí Gaeltachta, Clár Raidió, Turas go hInis Mór, Seachtain na Gaeilge, mar aon le neart comórtais agus gníomhaíochtaí eile. Bhí toradh iontach ar an obair dhian ar fad a rinneadh agus is féidir leis an gcoiste bheith thar a bheith bródúil. Maith sibh!

The Gaelbhratach scheme aims to encourage the use of and create greater awareness of the Irish language. The Gaelbhratach committee in the school, which has representatives from the various year groups, had a busy year helping to organise many activities to promote the language including Gaeilge 24, An Céilí Mór, Biongó Loco, Abair Public Speaking, Gael Linn debates, Gael-fhíseán (an Irish language music video), An Fhéile Scoildrámaíochta, Gaeltacht Scholarships, an Irish language radio programme, a trip to Inis Mór and Seachtain na Gaeilge, as well as various other Irish language competitions and activities. All this hard work culminated in the awarding of the Gaelbhratach for which the committee can justly be proud. Maith sibh!